Tosaíonn do chuairt go Cléire ag an mbád farantóireachta. Mar a fhágann tú an mór thír sleamhnaíonn do gnáth shaol uait mar a bheadh tír eile fágtha taobh thiar duit. Saol eile is ea an Oileán, dóibh siúd nach cuimhin leo é, Éireann roimh an fudar agus an trácht, áit níos ciúine agus níos geanúil.

Ta siúlóidí de scoth san Oileán, radharcanna áille timpeallaithe ag an bhfarraige in bhfuil speiceas éagsúla míolta móra, deilbhíní, agus siorcanna. Le hais na cosáin tá flúirseacha bláthanna na bhfeictear in áiteanna eile ach go hannamh. Ni chloistear ach glór na n-éan agus fuaime an bhfarraige ó chuile thaobh. Ag deireadh an tsamhraidh déanann Tigh na n-Éan taifeadadh ar uimhreacha móra éin farraige atá le feiceáil ón Oileán agus iad ar imirce agus sa bhfómhar feictear éin neamh choitianta ó áiteanna éagsúla i bhfad i gcéin cosúil le Meiriceá, An Áise agus An Afraic.

Tá slí beatha den scoth ag muintir an Oileáin, a athraíonn leis na séasúir, agus baineann siad amach slí beatha réasúnta ón bhfeirmeoireachta, ón iascaireacht agus on turasóireacht. Deis is ea an bhféile Siúlóide Scéalaíochta aithne a chuir ar áiteanna rúnda an Oileáin i gcomhluadar treoraithe agus cainteoirí áitiúla, agus sásamh a bhaint as dea chomhrá, filíocht, scéalaíochta agus ceol. Seo deireadh seachtaine dóibh siúd gur main leo seasamh siar ón gnáth saol agus sult a bhaint as an nádúr mar is fearr é agus comhluadar maith. An nádúr, stair agus seanchas fite fuaite le chéile in eachtraí beaga daonna.

Reáchtáiltear sraith de shiúlóidí le treoraithe éagsúla ag díriú ar stair, seanchas, éiceolaíocht agus éan eolaíocht le saineolaithe aitheanta áitiúla arna leanúint le cóisir éagsúla bunaithe ar an Stair, seanchas, filíocht agus amhránaíocht. Spreagfar páirtíocht agus idirghabháil agus coimeádfar grúpaí beag chun dlúth chairdeas a spreagadh.

Comharchumann Chléire Teo
Oileán Chléire
An Sciobairín
Co Chorcaí
Tel: 353-28-39119
or: 353-28-41923
email: seamus@walkingtalking.info